Scoil: Cashel (uimhir rolla 11358)
- Suíomh:
- Cashel, Co. Galway
- Múinteoir: P. Ó Lochlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cashel
- XML Leathanach 166
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)pictiúirí agud rudaí eile in a áit. Ní iarraidís aon déirce fadó. Bhí sean-fhear ag dul thart ní raibh fhios ag na daoinibh cé'n t-ainm a bhí air ach "Slop the Puddin" ghlaoidhidís air. Bhí sé an-chrosta agus bhí sé as a chiall freisin. Bhí bean in comhnuidhe i Teombeola agus níor airigh sé é, lá amháin gur shiubhal sé isteach chuici. Ní raibh fhios aici céard a dhéanfadh sí mar bhí faitchíos uirthi roimhe. Annsin chuimhnigh sé ar chleas. Chroch sí an tulán agus leig sí uirthe féin go raibh an-fháilte aici roimhe. Fuair sí gabhail tuighe agus chaith sí i lár an urláir é, agus dubhairt sí leis, Muise níl aon duine le cúpla sugáin a chasadh liom agus má chasadh tú iad tiubrad tae duit. Chas sé an súgán gan focal a rádh, agus nuair fuair an bhean taobh amuigh de'n doras é leis, d'eirigh sí chaith sí amach 'na diaidh é, agus dhún sí an doras. "Anois a bhacaigh" a dubhairt sí leis "chuireas amach thú le chásadh an t-súgáin.
Muinntir Chonaire agus Bháird is mó a dtagann timcheall anois. Fánann siad cúpla lá ag cruinniú gioblacha.- Bailitheoir
- Máire Níc Donnchada
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Scrahallia, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Miceál Mac Donncada
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 43
- Seoladh
- Scrahallia, Co. Galway