School: Cashel (roll number 11358)
- Location:
- Cashel, Co. Galway
- Teacher: P. Ó Lochlainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cashel
- XML Page 163
- XML “Bóithre an Cheantair seo”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tá sgéal faoi fear agus bhean bhí ag tigheacht ó Clochán lá agus chonnaiceadar duine ag rith 'na ndiaidh agus shileadar gur gaduighe bhí ann, tosuigheadar ag rith ach chomh tapaidh is bhíodar ag rith bhí sé chomh tapaidh leo. Nuair tháinic siad ag Teombeóla siubhaladar go réidh dubhradar da mba gaduidhe bhí ann nach leanfadh sé níos fuide iad. Níor airigheadar ariamh gur tháinic an duine suas leo agus cé bhí ann acht brathar agus 'eisean ag rith ó na gáduidhe é féin. "Ní faitchíos roimh na daoinibh marbh atá orm" dubhairt sé " ach roimh na daoinibh beo.
Tá na bóithre poblachta déanta ós cionn trí scór go leith bliana. Bhí fir agus mná ag obair ortha. Min-bhuidhe an páighe a gheibidís i dtosach ach nuair a tháinic plúr ó Mheiriocá fuaireadar airgead ionnus go bfeadhfadh siad é a cheannacht. Nuair bhí an bóthar ó Bhaile na h-Inse go Cloch na Róin 'ghá dheanamh bhí daoin ó Bun na h-Abhann agus Inis Leacain ag obair ann agus 'sé an chaoi a déanaidís cúpla botháin ar thaobh an bóthair nuair bheadh siad ag tigheacht ag obair. Dia Luain bheiridís an oireadh min-bhuidhe agus fátai leo 's a ndéanfadh ar feadh seachtmhain iad. Bhíodh an-spraoi aca san oidhche ag innseacht sgéalta agus ag ceól dóibh fhéin.- Collector
- Máire Ní Donnchada
- Gender
- Female
- Address
- Scrahallia, Co. Galway
- Informant
- Micheál Mac Dhonncadha
- Gender
- Female
- Address
- Scrahallia, Co. Galway