School: Cashel (roll number 11358)

Location:
Cashel, Co. Galway
Teacher:
P. Ó Lochlainn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 160

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 160

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cashel
  2. XML Page 160
  3. XML “Napoleon Bonaparte”
  4. XML “An Drochshaol”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Luigh an droc-shaoghal go trom annseo ó 1845 go 1848. Cáilleadh níos mó ná leath na daoine timcheall an cheanntair seo an t-am sin. Le faobhras a chailleadh an cuid is mó aca ó na luibhe-nimhe a dítheadar. Tá áiteacha ann a bhfuil fothracha na sean-dteach in a mbíodh daoine in a gcomnuidhe sul a dtáinic an droch-shaoghal agus nár mhaireadar tríd. Ní raibh móran de na daoinibh óga ag dul lear an t-am sin. Ní raibh ag na daoinibh ach gabhaltais beaga talmhan. Ar fátaibh bhí na daoine ag máireachtáil an t-am sin agus nuair a dtáinic an dubachán ortha
    bhíodar réidh. Ní raibh tada le faghail san siopaíbh ach min-buidhe agus ní gheibhidís é sin fhéin gan airgead. Aon duine a mbeadh fataí nó cabáiste nó turnapaí ag fás aige bheadh sé ag faire ortha sna oidhche ármtha le clocaibh agus máidí mar bíodh na daoine nach raibh tada aca 'ghá ngoid. Bhíodh beirt nó trúir caillte chuile lá beagnach. Baineadh na daoine poll annsin agus iad a chaitheamh síos ann gan conrá ar bith. Lá amháin bhí deichneabhar le chur sa
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Donnchada
    Gender
    Female
    Informant
    Cáit Nic Donncadha
    Gender
    Female
    Address
    Scrahallia, Co. Galway