School: Cashel (roll number 11358)

Location:
Cashel, Co. Galway
Teacher:
P. Ó Lochlainn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 152

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 152

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cashel
  2. XML Page 152
  3. XML “Ainmhithe Fiáine na hÁite seo”
  4. XML “Seanleigheasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ní raibh mórán chreidimh ag na sean-daoinibh i liagh nó doctúir. Bhí go leor cinn aca féin a b'fhearr i bhfad ná na cinn atá ag na doctúiribh. Bhí buachaill agus cáilín óg i Sruth-Sáile fadó. Uair amháin bhíodar an-tinn, agus bí cnapán mór sa mhuineál ag an mbuachaill. Cuireadh fios ar an dochtúir agus dubhairt seisean go bhfaghad an cáilín biseach ach go mbeadh an buachaill caillte roimh maidin lá ar na bharach. Bhíodar ag fanacht leis an mbás nuair a dtáinic sean-bhean as an mbaile isteach agus d'innsigheadh an sgéal dí. Dubhairt sí le muinntir an tighe, pota uisge a chrochadh ar an teinidh. Nuair a bhí an t-uisge fiuchta chuir sí féar síos ann. Rug sí ar an mbuachaill ós chionn an phota agus i ndiaidh tamaill mhaith phléasg an cnapán bhí sa muineál agus fuair sé biseach.
    Tá leigheas i slámlus:é chogaint go maith le do fiachlaibh agus uachtar mheasgadh thríd agus é chur ar gearr agus faghadh air nó go dtagadh biseach air. Tagann galar eile ar na cosaibh idir na méara, ar a dtugtar seilmide ladharach agus cuimiltear seilmide air le'n a leigheasadh. Tá leigheas i ngairleóg le h-aghaidh tinneas-fiacal. Bruithtear
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Seóige
    Gender
    Female
    Address
    Scrahallia, Co. Galway
    Informant
    Sorca Seóige
    Gender
    Female
    Age
    45
    Address
    Scrahallia, Co. Galway