School: Maighros

Location:
Maíros, Co. Galway
Teacher:
Séamus de Brún
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 103

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 103

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maighros
  2. XML Page 103
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 3. Bhí gréasaidhe ann fadó agus tháinig fear eile ag fóghluim gréasaidheacht uaidh. Lá amháin chonnaic an gréasaidhe bean ag dul thart agus caora aici. Dubhairt an gréasaidhe leis an bhfear eile go mbeadh an chaora sin aige le h-aghaidh a dinneaire agus dubhairt an fear nach mbeadh. D'imitigh an greasaidhe amach agus chaith sé bróig ar an mbóthar agus rith sé píosa eile agus chaith sé an ceann eile ann. Nuair a tháinig an bhean thart chonnaic sí an bhróig agus dúirt sí lei féin faraor nach bhfuil an bhróg eile agam. Chaith sí uaithi an ceann sin agus d'imithigh sí léi. Ní raibh sí i bhfad imithighthe nuair a fuaire sí an ceann eile agus dubhairt sí faraor gan an ceann agam a bhí agam i dtosach. D'fhág sí an chaora agus an bhróg ar an mbóthar agus chuaidh sí ar ais i gcoinne an bhróig eile. Nuair a bhí sí imithighthe tháinic an gréasaidhe amach ó'n gclaidhe agus thug sé leis an chaora abhaile. Fá cheann trí bliadhna eile tháinig an bhean céadna an bóthar agus caora eile aici. Dubhairt an greasaidhe leis an bhfear go mbeadh an caora sin aige agus dubhairt an fear nach mbeadh. D'imithigh sé leis agus nuair a bh an bhean ag dul thart thosuigh an gréasaidhe ag meidhleach. Cheap an bhean gurb í an caora a d'imithigh uaithe cheana a bhí ann ag meidhleach. Chuaigh sí isteach ins an ngarraidhe dá toruigheacht agus nuáir a bhí sí istigh thug an greasaidhe leis
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Brighid Nic an Ríogh
    Gender
    Female
    Address
    Dumhaigh Ithir, Co. Galway
    Informant
    Cóilín Ó Cúláin
    Gender
    Male
    Address
    Maíros, Co. Galway