School: Maighros

Location:
Maíros, Co. Galway
Teacher:
Séamus de Brún
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 099

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 099

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maighros
  2. XML Page 099
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí saighdiúir bocht ann uair amháin agus bhíodh sé ag taisteal ó áit go háit. Lá amháin bhí sé ag imtheacht mar seo agus nuair a bhí an oidhche ag tuitim bhí sé an tuirseach. Sa deire tháinig sé chomh fada le bothán beag. Bhuail sé ar an doras agus tháinig sean-bhean amach chuige. D'iarr sé lóistín na hoidhche uirthi. Ní raibh sí sásta ar dtús ach ní imtheochadh sé agus sa deire thug sí dhó é. Dubhairt sí leis ansin go gcaitheadh sé obair a dhéanamh chun íoc as a lóistín. Nuair a d'éirigh sé ar maidin chuir an tsean-bhean amach é ag baint fataí.
    Tráthnóna an lae sin bhí sé chomh tuirseach leis an lá roimhe sin. D'iarr sé lóistín na hoidhche uirthi arís ach ní raibh mórán fonn uirthi. Thug sí dhó é an oidhche seo freisin ach bheadh air obair a dhéanamh lá ar na bháirneach. Nuair a d'éirigh sé ar maidin dubhairt sí leis go gcaitheadh sé lampa draoí a bhí thíos ar íochtar tobair a thabhairt aníos chuici.
    Rinne an saighdiúir amhlaidh agus bhí an tsean-bhean thuas ag féachaint síos air. Nuair a tháinig sé aníos thug sé buile do'n tsean-bhean agus chaith sé síos sa tobar í agus marbhuigheadh í. Ansin chuaigh sé go dtí an teach agus thug sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0561: Aladdin
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Mí Chúlán
    Gender
    Female
    Address
    Dumhaigh Ithir, Co. Galway
    Informant
    Máirtín Ó Cúláin
    Gender
    Male
    Address
    Dumhaigh Ithir, Co. Galway