School: Maighros

Location:
Maíros, Co. Galway
Teacher:
Séamus de Brún
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 097

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 097

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maighros
  2. XML Page 097
  3. XML “Laethanta Áirithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá laetheannta áirithe agus is maith leis na daoien thart anseo a dhul ag obair. Is maith le 'chuile dhuine obair a thosughadh Dia Céadaoin ach amháin clann Uí Chonghaile. Ní maith leo tosnú go dtí Dia hAoine agus tugtar "lá chloinne Uí Chonghaile" ar an lá sin. Ní maith le duine ar bith tosnú Diardaoin mar tagann ....áirithe gach seachtmhadh bliadhain agus má dhéanann tú tada nua an lá sin ní bheidh tú beo faoi cheann bliadhna.
    'Á gcuirfeá airgead amach Dia Luain bheadh tú ag cur airgid amach an chuid eile den tseachtmhain.
    Duine a mbeadh pisreoga aige nuair a bheadh sé ag dul ag déanamh rud nua ar bith choisriceochadh sé é féin agus déarfadh sé "go mbeire muid beo ar an am seo arís". Is maith le duine fataí a bhíos a chur ar Aoine an Chéasta agus beidh fataí nua aca an .....adh lá de Mheithimh.
    Is maith le duine a dhul i dteach nua Dia Domhnaigh agus deireann siad an Marbhna Phádraig mar tá sé áthamhail. Má thosuigheann tú ag déanamh obair nua ar bith Dia Luain ní bheidh sé réidh go ceann achair fada. 'Á mbeadh Dia Máirt ag báisteach sé an lá é gur maith leo cabáiste a chur.
    'Á mbeadh duine ag dul a' tosnú ar obair ar bith agus bean a chasachtáil dhuit bheadh mí ádh ar an obair sin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Ní Chúláin
    Gender
    Female
    Address
    Dumhaigh Ithir, Co. Galway
    Informant
    Máirtín Ó Chúláin
    Gender
    Male
    Address
    Dumhaigh Ithir, Co. Galway