School: Maighros

Location:
Maíros, Co. Galway
Teacher:
Séamus de Brún
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 071

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 071

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maighros
  2. XML Page 071
  3. XML “Caitheamh Aimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bíonn cluichí ag na daoine thart anseo 'á n-imirt chun an t-am do chaitheamh. bionn cluichí fá leith ag na cailíní agus ag na buachaillí. Seo cuid de na cinn a bhíonn ag na buachaillí. Bíonn cuid aca ag iasgach, cuid eile ag caitheamh meadhchan agus cuid aca ag tóruigheacht neadracha éan. Bíonn siad ag tóruigheacht coiníní agus ag caitheamh cloiche nirt. Téigheann cuid aca amach chuig an loch agus baineann siad giolcach agus cuireann siad cloch isteach ann agus cuireann siad ag rith rásaí ar an loch iad. Bíonn cuid eile ag caitheamh léim. Téigheann cuid eile amach chuig na h-oileáin ag marbhughadh éan fhíadhain.
    Seo cuid de na cluichí a bhíos ag na cailíní:
    Cleas an Amadáin: Sé an chaoi a n-imrightear an cluiche seo ná: téigheann gach duine i gcoirnéal eicínt ach amháin duine agus bíonn sé sin ina amadán. Buaileann an t-amadán a dhá bhois faoi chéile agus athruigheann gach duine ó'n a choirnéal féin. Déanann an t-amadán iarracht a dhul i gcoirnéal eicínt agus ansin bíonn duine eicínt eile ina amadán.
    Bail ó Dhia ar na bulláin: Déanann siad uilig fáinne agus bíonn duine eile ag dul thart ag rádh "bail ó Dhia ar na bulláin" agus ansin beireann sé greim ar dhuine eicínt.
    Géibhíní: Seo é an chaoi a n-imrightear é.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire B. Níc an Ríogh
    Gender
    Female
    Address
    Dumhaigh Ithir, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Chúláin
    Gender
    Male
    Address
    Dumhaigh Ithir, Co. Galway