School: Maighros

Location:
Maíros, Co. Galway
Teacher:
Séamus de Brún
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 064

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 064

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maighros
  2. XML Page 064
  3. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sé'n t-am is mó den bhliadhain a bhíos daoine ag pósadh ná 'san Inid. Ní phósann siad i mí na Nodhlag ná san gCarrghaos. Tá laetheannta áithridh nach maith le na daoine pósadh. Ní maith leo pósadh Diardaoin ná Dia Sathairn. Tagann Diardaoin áithridhe chuile sheachtmhadh bliadhain agus deirtear má phósann tú an lá sin go mbeidh tú caillte faoi cheann bliadhna. Seo dán beag a chuala mé faoi na laetheannta a bhíos daoine ag pósadh:
    Dia Luain le h-aghaidh saidhbhris,
    Dia Máirt le h-aghaidh sláinte,
    Dia céadaoin an lá is fearr ar bith,
    Diardaoin le h-aghaidh croiseanna,
    Dia h-Aoine le h-aghaidh croiseanna agus
    Dia Sathairn an lá is meas ar bith.
    Seo é an chaoi a ndéantar cleamhnais: Téigheann fear go dtí teach na mná le buidéal poitín agus iarrann sé an bhean. Cúpla lá ina dhiaidh sin pósann siad agus tagann na comharsanaí ansin ag craitheadh lámh leo. Phósadh cuid mhaith daoine ins na tighthe a mbíodh na Faoisdíní ionnta. Éadach gorm is fearr leis an mbean a chaitheamh mar ní maith léi éadach dearg. Bíonn pisreoga ag cuid aca. An chéad duine aca a thagas amach doras Theach an Phobail beidh sé caillte roimh bliadhain. Má thugann an fear cead don fháinne
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic an Íarla
    Gender
    Female
    Address
    Leitreach Ard, Co. Galway
    Informant
    Peadar Ó Íarla
    Gender
    Male
    Address
    Leitreach Ard, Co. Galway