School: Maighros

Location:
Maíros, Co. Galway
Teacher:
Séamus de Brún
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 028

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 028

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maighros
  2. XML Page 028
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Ins an ám fadó ní ceannuigheadh na daoine aon phlúr ins na siopaí mar cheannuigheann siad anois.

    4. Ins an ám fadó ní ceannuigheadh na daoine aon phlúr ins na siopaí mar cheannuigheann siad anois. Is amhlaidh a mheileadh siad coirce nó eorna cruithneacht nó seagal. Is le dhá leic a dtugtaí bró ortha a mheileadh siad an gráinne. Bhíodh láimh sa mbró uachtar agus bhíodh sí níos truime ná an ceann íochtair. leagadh siad ceann acu agus chuireadh said an gránn uirthi. Annsin thosuigheadh siad ag casadh an chinn eile uirthí nó go mbíodh an gráinne meilte.
    Bhíodh saghas eile aráin acu ar a dtugtaí bocstaí. As fataí a dheinidís é. Déantar roinnt dhe thart annseo fós. Nuair a bhíodh se sgríobhtha aca bhainidís an t-uisge as agus chuiridís ag bácáil é sa mbácús nó ar an ngreideall. Is ar an ngreideall is mó a bhácáilidís na cácaí min-choirce agus na cácaí min-sheagail. Bhíodh rud déanta as iarann aca le cur faoí'n mbácús nó faoí'n greideall agus rothán a tugaidís air.
    Nuair a bhíodh an cáca déanta chuiridís trí líne nó cros ar a bhárr le sgian. Sé'n fáth a ndéanaidís é sin ná chun an t-aer a leigint as sa gcaoi go mbácáilfidhe níos fearr é.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. products
      1. food products (~3,601)
    Language
    Irish
    Collector
    Maitias Mac Donnchadha
    Gender
    Male
    Address
    Leitreach Ard, Co. Galway
    Informant
    Seán Mac Donnchadha
    Gender
    Male
    Address
    Leitreach Ard, Co. Galway