School: Maighros
- Location:
- Maíros, Co. Galway
- Teacher: Séamus de Brún
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maighros
- XML Page 017
- XML “Scéaltaí Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 5. Bhí triúr fear ann fadó, Táilliúr, Gabha agus Gréasuidhe. Lá amháin dubhradar go ngabhaidís amach ag iascach agus chuaidh. Ní raibh siad i bhfad amuigh nuair a d'eirigh gála mór. Tháinig an-fhaitchíos orthú agus dubhairt siad go mba cheart dóibh paidir a radh go dtiubhradh Dia slán abhaile iad.
Dubhairt an Gréasuidhe agus an Táilliúr go raibh a gcuid paidreacha dearmadaí acu fhéin. Dubhairt an Gabh annsin go mb'fhada cheana ó dubhairt sé fhéin aon phaidir acht mar sin fhéin go n-abróchadh sé ceann agus thosuigh sé.
'Ó a Dhia láidir cuidigh linn, níor iarr mé tada cheane ort le seacht mbliadhna agus má chuidigheann tú linn anois ní iarrfaidh mé tada ort go ceann seacht mbliadhna eile.- Collector
- Cáit Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Maíros, Co. Galway
- Informant
- Seosamh Mac Donnchadha
- Gender
- Male
- Address
- Maíros, Co. Galway