School: Maighros

Location:
Maíros, Co. Galway
Teacher:
Séamus de Brún
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 014

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 014

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maighros
  2. XML Page 014
  3. XML “Scéaltaí Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí amadán ann uair amháin agus dubhairt sé leis féin go ngabhfadh sé ag saothrú airgid. Nuair a bhí sé ag imtheacht dubhairt a athair leis gan obair a dhéanamh in aisge d'aon nduine. D'imthigh sé leis agus nuair a bhí an oidhche ag titim chuaidh sé isteach i dteach. Ní raibh ann ach seanbhean agus thug sí sin lóistín dó.
    San oidhche thug sé faoi deara go raibh go leor óir ag an tseanbhean thuas sa simléar. Bhí rún aige an t-ór a ghoid agus ar maidin nuair a chuaigh an tseanbhean ag fosuidheacht dubhairt seisean go dtiubharfadh sé féin aire do'n teach. Cheap sé ansin go bhfeiceadh an tseanbhean é dá ngoideadh sé an t-ór agus chuimhnigh sé ar seift. Ghlaodh sé ar an tseanbhean agus dubhairt sé léi: "Ceangail rópa do do chos agus ceangail ar chos na bó é". "Leig an rópa suas tríd an simléar ansin agus suidh síos". Rinne an tseanbhean amhlaidh ach ba ghearr gur thosuigh an bhó ag rith le fíbín. Tharraing sí an tseanbhean suas thríd an similéar agus marbhuigheadh í. Thug an t-amadán an t-ór leis agus as sin amach bhí sé saidhbhir.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Ní Chúláin
    Gender
    Female
    Address
    Dumhaigh Ithir, Co. Galway
    Informant
    Pádhraig Ó Dómhnaill
    Gender
    Male
    Address
    Dumhaigh Ithir, Co. Galway