School: Maighros

Location:
Maíros, Co. Galway
Teacher:
Séamus de Brún
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 008

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 008

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maighros
  2. XML Page 008
  3. XML “Scéaltaí faoi Chistí Óir i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is iomdha áit a ndeirtear go bhfuil ór i bhfolach acht seo áit acu. Uair amhain bhí fear agus bean ina gcómhnuidhe i dteach beag ar thaobh cnuic. Bhí siad an tsaidhbhir agus nuair a bhí na dubh-chrónaigh ag dul thart chuireadar an t-ór i bhfholach ionnús nach mbeadh baoghal ar bith go bhfhuigheadh na bitheamhnaigh é. Is é an áit ar chuireadar é faoi bhun aille ar thaobh an chnuic céadna.
    Fuair an fear bás agus ní raibh fhios ah aonduine go raibh an ciste i dtaise. Oidhche amháin bhí fear do'n bhaile céadhna ag brionglóidíbh ar an gciste. Lá ar na bháireach le tuitim na h-oidhche chuaidh an fear ar a lorg. Tháinig sé go dtí an spota a raibh sé ag brionglóid air agus thosuigh sé ag baint. Ba ghearr a bhí sé mar sin nuair a chuala sé an guth ag radh leis, "fág in do dhiadh é sin is liomsa é." Is ar éigin a thug sé a anam abhaile leis le teann faithchís agus mise mbannaidh duit nach ndeacha sé ar a lorg arís.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Brighid Nic an Ríogh
    Gender
    Female
    Address
    Dumhaigh Ithir, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Cúláin
    Gender
    Male
    Address
    Dumhaigh Ithir, Co. Galway