School: Gleann Mhic Mhuirinn (roll number 14788)
- Location:
- Gleann Mhac Muirinn, Co. Galway
- Teacher: Nóra, Bean Mhic an Iomaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Mhic Mhuirinn
- XML Page 0340
- XML “Donnchadha Bán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Acht a dhul chuig an scioból is a T abhualadh,
Cheacht d'iompú deiseal is tuaifeall,
Is an taobh dhearg de'n fhód achur i nuachtar.
VI
A Dhonnchadha Bháin, a dhearbhráithrín Dhílis,
Is maith ta fhios agam-sa cé bhain díom thú,
Ag ól an chupáin is a' deargadh an phioa
Is a' siubhal an drúchta go ciúin san oidhche.
VII
A Mhic Uí Mhulláin a sgúirsa an mhí-ádh
Ní laogh bó bradaigh abhí in mo Dhearbhráithrín
Acht buachaillín caoin deas ar cnoc is ar Chnocán
A bhainfeadh fuaim go bog bínn as camán.
VIII
Is a Dhonnchadha Bháin nach é sin an buaidhreadh
Is a fheabhas is d'iomchuróchá spur is buatais
Chuirfinn culaith fhaisiúnta ort den éadach ba buaine,
Is chuirfinn amach thú mar mhac duine uasail
IX
A Mhic Uí Mhulláin, ná raibh do chlánn mhac i bhfochar a chéile,
Ná do chláinn inghean ag iarraidh spré ort,
Tá dá cheánn an bhoird follamh, is an t-urlár líonta,
Is Donnchadha Bán mo dhearbhraithrín Sínle.(continues on next page)- Informant
- Mícheál Mac An Iomaire
- Gender
- Male
- Address
- Doire Choill, Co. Galway