School: Gleann Mhic Mhuirinn (roll number 14788)
- Location:
- Gleann Mhac Muirinn, Co. Galway
- Teacher: Nóra, Bean Mhic an Iomaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Thug sé amach í agus nuair a tháinig sé isteach ní raibh aon bhéilídhe le fághail aige. Rinne sí an cleas céadhna leis an tríomhadh lá, agus nuair a fuair sí amuigh é, d'fhiafruigh sí dhe a raibh sé a fághail aon locht ar an obair, dubhairt Pádhraic "Tuige nach mbéinn ag fághail locht ar an obair, agus gan aon ceó ithte le trí lá agam". D'innis an t-sean-bhean é seo dá mac agus bhain an mac an dá chluais de Phádhraic. Chuaidh an fear bocht abhaile gan aon chluais.
Dubhairt an dara dearbhráthair go gcaithfeadh sé féin a dhul ag saothrú a bheatha. Chuaidh sé go dtí an baile mór. Casadh an fear céadhna leis. D'fhiafruigh sé dhe cá raibh sé ag dul. Dubhairt Seán go raibh sé ag cuartúghadh oibre. Seán a b'ainm dó. Béarfadh mise obair dhuit ar seisean agus chúig phúnt sa ráithche as ucht mo mháthair a thabhairt amach tamall gach lá, mar tá sí ina cláiríneach, acht má fhághann tú aon locht ar an obair, béidh an dá chluais le cailleadh agat.
Dubhairt Seán go raibh sé sásta leis an obair agus chuaidh sé leis. Nuair abhí a bhéilídhe leagtha anuas chuige d'fhiafruigh an t-sean-bhean dhe an t-ainm abhí air, agus dubhairt sé gur Seán. "Tabhair amach mé a Sheáin", ar sise. Nuair a tháinig sé isteach ní raibh aon bhéilídhe le fághail aige. Bhí sé mar sin ar feadh trí lá agus an tríomhadh lá d'fhiafruigh sí dhe, a(continues on next page)- Informant
- Mícheál Mac An Iomaire
- Gender
- Male
- Address
- Doire Choill, Co. Galway