Is air é an tól ar amannaibh,
An té a gheobhadh é taréis bídh,
Nó gloine fhaghail ar maidin de.
A Chomneóchadh é ó'n nGaoith.
Acht feicim an té a leanas dó
Is a d'fhághas an rath saoghail
Nuair a bhíos a phócaí Follamh,
Nach mbíonn Cion ná meas air coidhche.
II
Is dom-sa a d'fheil an scéal seo.
Is mé féin atá 'ghá rádh.
Mar is iomdha scilling Ghléigeal.
Ar chuir mé léan uirri lé raithche.
Acht anois ó tá mo phócaí Follamh,
Is gan a ceart ag mnaoi an óil,
Cá bhfuighinn an fear a déarfadh liom
"Tara nait ag ól."
Tá sé raidthe gur bé Micheál Mac Suibhne, an File as Connamara a Chum an Dán seo thuas, uair amháin, taréis é caitheamh go leó ar ól, agus nuair abhí an tairgead spíonta aige dheamhan strioncán ar bith a bhí le fághail aige féin ó aon duine.