School: Gleann Mhic Mhuirinn (roll number 14788)
- Location:
- Gleann Mhac Muirinn, Co. Galway
- Teacher: Nóra, Bean Mhic an Iomaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Mhic Mhuirinn
- XML Page 0316
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)is clárachaí maide.
= chaig poitín.
Chomh h-árd le balla, chomh bán le bainne, chomh milis le mil, chomh dearg le fuil.
= úbhall.
Cé an crochadóir is mó as seo go Bl'áth Cliath.
= an chroch.
Capaillín babailte, babáilte donn, shiubhailfeadh sí Éire is ní fhliuchadh sí a cois.
= beach.
D'éirigh mé ar maidin agus bhreathnuigh mé amach trí fhuinnéog mo dheadeó agus chonnaic mé rud marbh ar iomchur rud beó.
= róthar.
Lán na páirce de bheithidhigh bána agus bó mhór dhearg istigh eatorra.
= An teanga agus na fiacla.
Dhá chéad uainín a dul go Seanna Mhúinín, is an chaora mhór ar tosaigh aca.
= an ghealach agus na réalta.
Siúd é chugam tríd an sruith, fear áluinn na gréine, fear an chóitín ghoirm, is snáth dearg ina léine.
= gliomach.
Bhó i gcoill, árd a géim, puisín iarainn, agus fiacail mhaide.
= tuagh.
Chaith mé suas é, chomh bán le bainne, agus tháinig sé(continues on next page)