School: Gleann Mhic Mhuirinn (roll number 14788)
- Location:
- Gleann Mhac Muirinn, Co. Galway
- Teacher: Nóra, Bean Mhic an Iomaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Mhic Mhuirinn
- XML Page 0306
- XML “Sal Óg Rua”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I n-Oileán Éadaigh ta mo rún 's mo chéad searc,
An bhean ar leig mé léi mo rún 's mé óg.
Tá triúr ar aon chéill ag ghol 'na déidh agam
Is bean a mbréaghtha níl le fághail.
II
Tá mé go tréith-lag, 's níl gádh ghá shéanadh.
Níl mé ar aon nós acht mar bheadh an ceó.
'S stór mo chroidhe thú, 's tú d'fhág liom fhéin mé,
Chuaidh tú i gcré uaim is tú 'do chailín óg.
III
'S nach i n-aois a sé déag a fuair mé fhéin í
'S nár deas an féirín í, ag fear le fághail.
Ba bhinn a béilín, ba dheas a méin mhaith.
'S a súil mar réalt a thig roimh lá
IV
B,fhéarr liom go mór, mór mo dhiaidh sa ród í,
Ag bléaghann mo bhó-ín nó, i mbun mo thíghe(continues on next page)