School: Gleann Mhic Mhuirinn (roll number 14788)
- Location:
- Gleann Mhac Muirinn, Co. Galway
- Teacher: Nóra, Bean Mhic an Iomaire

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0299
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Mhic Mhuirinn
- XML Page 0299
- XML “An Aiséirí Bheag”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a h-airígheadh Críost istigh, tháinigh na diabahil análl ag bualadh˛ Mac Muire go teánn. Tháinigh an dáll ina chóir féin agus an t-sleaghnimhe ina dheis -láimh ag aimsiughadh taobh mín geal mo tíghearna, Nuair a chonnaic an Mhaighdean Ghlormhor a h-aon- mhac dhá chéasadh ar an gcroich , thóig sí na boisíní comhartha do bhaintríge maith.
Aon duine a déarfadh an Ais- éirghe bheag seo uair gach lá, gheobhadh sé Flathas Dé mar dhualgas níor bhaoghal dó Ifrionn fuar go bráth.
Mo chrios le crios Eóghain , crios Éóghain le mo chríos. Iarraim ar Dhia mo leas. Sallseán Mhuire in mo dheis leis láimh. Na h- Aingle uile go léir do mo chúmdach, agus do mo choimheadh ar lucht iníonúis. (no title)
“Codladh dhuit a mháthair, ní h-eadh a mhic acht caisle.”
Codladh dhuit a mháthair, ní h-eadh a mhic, acht caisle. Céard a thug tú as an gcaisle leat a mháthair. Thug mé thusa a mhic, go do phíonús agus go sciúrsáil, go do cheangal do phostaí cloch, is tú crochta as an gcránn céasta, agus do chuid fola beannuighthe féin dá tabhairt. Is fíor sin a mháthair, an té a déarfadh do phaidir trí h-uaire taréis luighe dhó, níor bhaoghai dó(continues on next page)- Informant
- Máire Seóighe Ní Chonnghaile
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- Cnoc Aduaidh, Co. Galway