School: Gleann Mhic Mhuirinn (roll number 14788)

Location:
Glenicmurrin, Co. Galway
Teacher:
Nóra, Bean Mhic an Iomaire

Filter stories

Back
/ 0343 Forward
Resolution: Low | High
Gleann Mhic Mhuirinn | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0299

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

Nuair a h-airígheadh Críost istigh, tháinigh na diabahil análl ag bualadh˛ Mac Muire go teánn. Tháinigh an dáll ina chóir féin agus an t-sleaghnimhe ina dheis -láimh ag aimsiughadh taobh mín geal mo tíghearna, Nuair a chonnaic an Mhaighdean Ghlormhor a h-aon- mhac dhá chéasadh ar an gcroich , thóig sí na boisíní comhartha do bhaintríge maith.
Aon duine a déarfadh an Ais- éirghe bheag seo uair gach lá, gheobhadh sé Flathas Dé mar dhualgas níor bhaoghal dó Ifrionn fuar go bráth.
Mo chrios le crios Eóghain , crios Éóghain le mo chríos. Iarraim ar Dhia mo leas. Sallseán Mhuire in mo dheis leis láimh. Na h- Aingle uile go léir do mo chúmdach, agus do mo choimheadh ar lucht iníonúis.

(no title)

Codladh dhuit a mháthair, ní h-eadh a mhic acht caisle.

Codladh dhuit a mháthair, ní h-eadh a mhic, acht caisle. Céard a thug tú as an gcaisle leat a mháthair. Thug mé thusa a mhic, go do phíonús agus go sciúrsáil, go do cheangal do phostaí cloch, is tú crochta as an gcránn céasta, agus do chuid fola beannuighthe féin dá tabhairt. Is fíor sin a mháthair, an té a déarfadh do phaidir trí h-uaire taréis luighe dhó, níor bhaoghai dó

(continues on next page)
Informant
Máire Seóighe Ní Chonnghaile
Gender
female
Age
80
Address
Knockadoagh, Co. Galway
Language
Irish