School: Gleann Mhic Mhuirinn (roll number 14788)

Location:
Glenicmurrin, Co. Galway
Teacher:
Nóra, Bean Mhic an Iomaire

Filter stories

Back
/ 0343 Forward
Resolution: Low | High
Gleann Mhic Mhuirinn | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0282

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

Ar filleamhaint abhaile dhom, d'athruigh an t-srian in mo láimh.
Is ag i Dia go raibh m'anam má chaillim mo chiall le mná
v
Is a Tháilliúir a Mhagadh ní phósadh mé thú mar fhear
Ach pósadh mé an talamhaidhe a dhéanfas go doimhin a theach
Éireoochas ar maidin is chraithfeas an síol i gceart.
Is nach suidheadh cois dorais a 'feadhaighil is a 'ruaigeadh cearc.
v1
Nach claidhre gan misneach a bhuailfeadh fút fhéin a Straip.
Ag imtheacht is do stoca agat, ag imtheacht ó theach to teach.
cuir síos ar do chomharsa, is gach nídh nach dtaighnígheann leat.
Acht Dia agus Mac Dara go dtugadh dhomh ceile thart
v11
Saighdiúriín single mé, a díbrígheadh ar gárdaí an Ríogh
Deamhan pínghinn airgid agam,
le go gceannóchainn cáirtún fíon
Shiúbhailfinn an Ros Dhaimhseochainn ar chlár bog bínn,
Is gur ar Churach Chill Dara, a sgaras le stór mo chroidhe

Informant
Bríghid Uí Bhreathnaigh
Gender
female
Address
Glenicmurrin, Co. Galway
Language
Irish