School: Gleann Mhic Mhuirinn (roll number 14788)
- Location:
- Gleann Mhac Muirinn, Co. Galway
- Teacher: Nóra, Bean Mhic an Iomaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go bhfuil tú anois go creachta,
'S gur dubhrónach do shaoghal,
Ag féachaint ar na fearaibh
Tá lán de chroidhe 's go neartmhar,
'S na cailíní breágha deasa
Is áilne snodh 'gus méin,
Tá fágáil "Slán is Beannacht","
le croidhthibh dubhach agat,
'S ar bhórd na Ríghte Mara
A d'imthígheas uait, Fairíor!
(III)Céad fairíor géar! nach aisteach,
Nach brónach 's nach deacrach
An radharc a chítheas d'amharc
gach lá i rith do shaoghail,
Ar bhórd na luing-mara,
Do chlánn a' dul thar caladh
go láidir lúthmhar spreachmhail
gan filleadh ort go h-éág.
'S abheith i gcoigcreacht feasta,
i gcontabhairt a bheith cáillte,
I n-obair chruaidh dheacair,
A saothrúghadh greim a mbéil
Imeasg na ndaoine Gállda
gan creideamh ar bith ná cráibhtheacht,
I ndaimhséar a bheith báidhte
San nGalldachas bréan.(continues on next page)- Informant
- Mícheál Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- An Lochán Beag, Co. Galway