School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0265

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0265

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0265
  3. XML “Cruatan”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    abhí istigh ar an talamh tirm triúr innte. Ar an bpoinnte h-iompuigheadh í agus báthadh Ned ar an bpoinnte acht chuir Learaí maide rámha faoí'n ucht agus snámh sé i dtír. Níor chuir mo dhuine bocht cois i mbád ariamh ó shoin ná i gcurrach ná ní dheachaidh sé ag snámh le teann faitchís. Acht tá sé beó fós agus é ag fághail an pinsion tá sé os cionn 80 bliadhain anois acht ní raibh sé mórán le sgór bliadhain nuair a thárla an timpiste dhó.
    Ní deárnádh mórán doighteán ins an áit acht lá amháin dhóigh m'athair agus mo uncail cró beag ar mo
    sean-mháthair. Áit é a mbíodh sé ag cruadhadh lín agus dhá bhualadh agus ag déanamh chuile rud eile leis. Bhí teine bheag ins an gcró agus chaith siad slám lín isteach innte agus slám eile agus slám eile gur ghlac an teaichín teine agus rith siad féin annsin.
    Acht is dócha go bhfuair siad an t-slis nuair a tháinig an oidhche.
    Bhí comnaidhe ar an mBlácach san gCaisleán i naice le Indreabhán. Bhí ocht gcinn déagh de tighe cinn tuighe déanta aige le h-aghaidh a chuid madraí agus dóghadh iad lá amháin. Níl a fhios céard a las iad acht deir cuid de na daoine gur le gráin ar an mblácach a lasadh iad.
    Dóighead dhá cruach coirce ar Tom Pheadair freisin acht ní bhfuair sé amach ariamh céard a las iad.
    Is minic a bhíonns galraí thart. Taghann an bhruithtíneach gach aon seachtmhadh bliadhain. Taghann sí ar chuile duine s'an teach acht ar aon duine amháin agus ní bhíonn sí ar aon duine acht naoí lá. Taghann an leicneach agus an triuch orra freisin. 'Sé an leigheas a bhíonn aca ar an triuch a dhul amach faoí bholg capaill bháin.
    Bhíodh na sean-daoine ag baint luibheanna agus ag cur "orthaí" le h-aghaidh luit eile.
    Is beag an fáth a bhíodh ag daoine le beagán troid a dhéanamh. Bhí cúigear buachaillí ag marcaigheacht ar asal Tom Phatsaí lá.
    D'árdhuigh an t-asal agus chaith sé anuas iad acht chuaidh siad ag dalladh a chéile agus rinne siad píosa breágh troda agus bhain siad fuil as a chéile.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
    Language
    Irish
    Collector
    Mairghréad Ní Cualáin
    Gender
    Female
    Informant
    Tomás Ó Cualáin
    Gender
    Male
    Age
    62
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway