School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0256

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0256

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0256
  3. XML “Doineann - Toirneach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tuairim is cheithre bliadhna óshoin amach i n Deireadh an Fhóghmhair tháinig an-droch - thóirneach teintreach agus báisteach.
    Ar feadh an lae bhí toirneach le cloisteáil i bhfad ó bhaile acht ar theacht do'n tráthnóna bhí sé ag méadú de réir a céile. Do bhí cuma uathbhásach ar an spéir agus ní raibh aon duine beó nach gcuirfeadh sé faitchíos air.
    Nuair a tháinig an oidhche mhéadhuigh sé 'na dhíleann báistighe, agus toirneach agus lasracha. Lean ar a" toirneach ag méadú agus ag méadú de réir a céile.
    Bhí gach duine sgannruighthe agus bhí na beithidhigh a bhí sa gcró ag búithreach le teann faitchís. Ní raibh na daoine i n-don a n-anál a tharraing
    Cheapfá go mbeadh an teach leagtha agus tú marbhuighthe gach nóiméad. Tháinig plump amháin uathbhásach agus do chraith sé na tighthe.
    Do thuit an toirneach i loch Bhaile na h-Abhann i bhfoisgeacht céad slat do mo theach. Bhí sé ag toirneach mar sin go maidin ach ní raibh sé chómh trom sin.
    Nuair a d'eirigh na daoine ar maidin bhí siad ag ceapadh nach mbeadh cró ná beithidheach aca nach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. processes and phenomena
      1. thunder and lightning (~109)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Fhágharta
    Gender
    Female
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway
    Informant
    Learaí Ó Biaith
    Gender
    Male
    Age
    84
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway