School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
Tully, Co. Galway
Teacher:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Filter stories

Back
/ 0268 Forward
Resolution: Low | High
Ridire na gCleas

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0249

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí fear ann fadó agus is fadó bhí dhá mbeadh sé ann an uair sin ní bheadh sé ann anois nó sin bheadh úr-sgéal nó sean-sgéal aige nó mar sin bheadh sé gan aon sgéal.
Feilméara abhí ins an duine seo agus ní raibh aige acht aon mhac amháin.
Aon tráthnóna amháin tháinig fear isteach chuige agus d'iarr lóistín dhó féin agus don dáréag abhí i n-éindigh leis.
"Suarach liom mar tá sé agam le t'aghaidh ar san feilméar acht bhéarfaidh mé dhuit é chomh maith is atá agam."
Ba ridire abhí ins an bhfear seo.
Fuair an feilméar suipéar réidh dhóibh chomh maith agus abhí aige.
Tar éis an bhéile d'iarr an ridire ar an dáréag seo eirighe suad agus píosa gaisgidheacht a dhéanamh do'n fhear seo.
D'eirigh an dáréag agus rinneadar gaisgidheacht dhó agus ní fhaca an fear seo ariamh píosa gaisgidheacht dob' fearr ná é.
"Maiseadh" deir fear an tighe "ní bhfearr liom ná na mílte punt dhá mbeadh mo mhac i ndon sin do dhéanamh."
"Leig liom-sa é" arsan ridire, "go ceann lá agus bliadhain agus beidh sé chomh maith le ceachtar do na buachaillibh seo atá agam"
"Leigfead," ars an fear, "acht go dtiúbhra tú ar ais chugam é i gcionn lá agus bliadhain"
"O tiúbharfaidh" ars an ridire.
Fuair sé bricfasta réidh ar maidin lá ar na bhárach dhóibh nuair a bhíodar ag dul ag imtheacht. Leig an feilméar a mhac leó agus d'fhan sé lá agus bliadhain imthighthe
I gcionn lá agus bliadhain tháinig siad abhaile agus an mac i n-éindigh leó.

(continues on next page)
Collector
Mairghréad Ní Chualáin
Gender
female
Informant
Nóra Ní Chualáin
Relation
grandparent
Gender
female
Age
93
Address
Ballynahown, Co. Galway
Language
Irish