School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sa bhféar nach mbeadh bárr a mhullaigh aníos as."
"Agus cé'n chaoi," ars an Righ " a bhí ar an bfhear a bhí ró-bheag?"
"Bhí sé chomh beag" ars an t'amadán, agus an speal is loime a bhainfheadh féar ariamh is é a bheith na sheasamh sa bhféar ní bhainfheadh sí leis."
"Is mise," adeir sé" a chonnaic an t'ionghantas mór aréir chonnaic mé an fharraige agus í thrí lasadh."
"Creidim" adeir an Righ, "mar nuair a bhí mise ag siubhal an bóthair ar maidin chonnaic mé cárnán luaithe i gceann gach bóithrín,"
"Nuair a bhí mise ag siubhal an bhóthair indé," ars an "t'amadán chonnaic mé fear ina luighe ar leath thaobh an bhóthair agus é na chodladh agus é ag breathnú suas san aer." D'fhan mé ag breathnú air agus thuit gráinne anuas as na flaithis isteach faoi na shúil agus d'fhás chránn as suas nó gur bhuail sé an speir agus d'fhill sé anuas agus isteach faoi'n tsúil eile.
Thosuigh mé ag strapadóireacht suas ar nó (gur bhuail sé an spéir) go ndeachaidh mé go na flaithis."
"Céard a chonnaic tú annsin"? ars an Riogh.
"Chonnaic mé" ars an t-amadán, plód mór fear agus iad ag bualadh cruithneachta. D'iarr mé mála síl orra agus fuair mé sin agus fáilte.
"D'fháisg mé an mála ar mo dhruim agus amach liom agus an bárr ar an shlacht, bhí an fear dúisighthe agus an cránn gearrtha. Faoi dheireadh thosuigh siad ag casadh súgán tuithe cruithneachta dhom agus chaitheadar seachtmhain leis. Cheangail siad an súgán ar an gclár a rabhadar ag bualadh air agus mo mháilín ar mo dhruim agus cé dtuitfhinn acht ar bhruach abhainn agus thuit mo mhála isteach san abhainn. Ní raibh bradán ins an uisge nach raibh ag ithe mo shíol.(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Fhátharta
- Gender
- Female
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway
- Informant
- Tomás Ó Fátharta
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Age
- 20
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway