School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0240

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0240

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0240
  3. XML “Micil Cheara is An Chú Dhubh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí triúr mná as Indreabhán ina gcónai i mbráicín sa shliabh agus bhí beithigh acu. lá amháin dá raibh bean acu ag bleaghan bó acu tháinig giorrfhiadh dubh agus tosaigh sé ag bleaghan na bó. Tháinig an giorrafhiadh an dara lá. Bhí cineal faitíos ar na mná agus chuaigh siad abhaile agus dinnis siad an scéal.
    lá ar na bháireach chuaigh an Blácach agus muintir an bhaile suas agus chonaic siad an giorrfhiadh. Chaith an blácach urchar leis agus scaoil sé an urchair thairis. Ansin chaith an Blácadh an gunna leis agus thug an giorrfhiadh an gunna leis na bhéal.
    An chéad lá eile thug an Blácach leis chuile chú maith a bhí san áit ach níor éirigh liom teacht suas leis an ngiorrfhiadh. Ansin chuala an Blácach go raibh cú maith ag Micil Ceara agus chuir sé fios ar Mhicil is ar an gcú.
    Tháinig Micil agus a chú lá ar na mháireach agus chuaigh an Blácach leis suas ar an sliabh. Nuair a chuadar suas bhí an giorrfhiadh tuas rompa. Lean cú Micil Cheara é agus bhain sí cor agus cor eile aisti faoi theire, léim an giorrfhiadh in san aer. Tháinig siad abhaile ansin.
    Nuair a chuaigh Micil Cheara abhaile go dtí a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Cáit Ní Fhatharta
    Gender
    Female
    Address
    An Bhánrainn Bhán Thuaidh, Co. Galway