School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
Tully, Co. Galway
Teacher:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Filter stories

Back
/ 0268 Forward
Resolution: Low | High
Eachanna Uisce

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0238

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Eachanna Uisce

Deireann an sean dream go bhfuil roinnt eachanna uisce timpeall ar an áit seo. Tá sé ráite go bhfuil ceann acu i loch Ghlionnáin. Uaireannta se'chaoi mbíonn sí le feiceál in a heach agus í ag snámh ar bharr an uisce agus uaireanta eile sé'n chaoi a mbíonn sí le feiceál ina broc. Tá loch eile thuas ar a sliabh ar an dtugar loch an Dobhráin agus deirtear go mbíonn each uisce le feiceál ann amannta.
Bhí searrach thiar, i Rós a mhíl a bhí ag each uisce agus bhí sé an-deas agus sé an dath a bhi air ná dath uaithne agus nuair a chonaic na blachaigh chomh deas agus a bhí sé cheannaigh siad é agus mharaigh siad é. Ansin d'fean (do bhain) siad an craiceann dhó agus rinne siad casóga dhó agus bhíodh siad ortha.
Bhí each uisce ag fear ar an mBánráin agus bhí sé aige scaitheamh mór. Thug sé chuig an gceardhcain é agus chuir sé ieithre chrudh air agus raibh sé i bhfad aige na dhiaidh sin gur imigh se uaidh. le hÁine Ní fhatharta
Each - Abair an 't-ach' t-leathan i gcomhnuidhe. 'Is deas a' t-each í an t-each-ín bán' t-leathan, ch leathan

Collector
Áine Ní Fhatharta
Gender
female
Informant
Tomás Ó Fatharta
Gender
male
Age
20
Address
Ballynahown, Co. Galway
Language
Irish