School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0235

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0235

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0235
  3. XML “Iolar Chlúmhaigh an Óir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    dheachaidh sé a bhfad gur casadh sean-bhean air agus í seargtha le h-aois.
    "Dia dhuit" ar sí
    "Go mbadh hé dhuit" ar seisean.
    "bfuil am agat cómhairle do glacadh?" ar sise.
    "Tá go deimhin" ar seisean "agus beidh mé buidheach díot as ucht."
    "Más amhlaidh atá" ar sise "ná sgar le ribe róin as ruball do chapall go dtagaidh tú ó'n Spáinn; má sgarair tá tú cáillte agus ní bhfuighe tú Iolar Chlúmhaighe an Óir
    "Go raibh maith agat faoí do chómhairle" ar sé, "seo dhuit píosa óir."
    "Tá croidhe na féile agat," ars an t-sean bhean, "agus má glacann tú mo chómairle eireóchaidh leat."
    "Tá a fhios agat gur bean draoidheacht' í. Nuair a Rachas tú chun an caisleán ina bhfuil sí 'na cómhnaidhe tabhair amach as do phóca an bosca beag (seo) púdair a thugaim dhuit agus caith uirtí é. Conghbhuigh an bosga osgailte agus déanfaidh sí í fhéin comh beag le dreóilín agus béarfaidh sí léim isteach san mbosga. Dún uirthi é agus tar ar ais chugam-sa acht má sgarair le ribe róin as ruball do chapall tá tú caillte."
    Níor thárla aon-droch rud go Niall go dtáinig sé go caisleán Iolar Chlúmhaighe an Óir acht níor fhéad sé dhul isteach ann go ceann trí lá mar bhí na geataí dúnta.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0650**: The Strong Youth
    Language
    Irish
    Collector
    Mairghréad Ní Chualáin
    Gender
    Female
    Informant
    Nóra Ní Chualáin
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Age
    93
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway