School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0234

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0234

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0234
  3. XML “An Ghlas Gaibhne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean bhocht ann fadó agus bhí sí ag imtheacht tart ag iarraidh braon bainne. Chuaidh sí isteach i dteach a raibh go leór bainne ann. D'iarr sí braon bainne annsin ar bhean an tighe acht dubht. b. an t. léi nach dtiubhradh.
    D'imthigh an bhean bhocht léi annsin agus chuaidh sí isteach i dteach eile. D'iarr sí braon bainne ar bhean an tighe sin freisin, agus dubht. b. a' t. léi nac raibh mórán bainne aici acht braon beag a bhí sí a' fagháilt ó na comhursain. "Acht tiubhra mé braon dó sin fhéin duit," adeir sí léi. Bhí an bhean bhocht an-bhuidheach di agus d'imthigh sí léi.
    Nr. a tháinic an tráthnóna tháinic bó aníos ó'n gcladach go dtí an bean seo. Rinne an bhean iongantas di, acht ó thárla go dtáinic an bhó aici dubht. sí go raibh sé chomh maith aici í bleaghan. Bhí go maith. Chuaidh an bean amach gá bleaghan acht dá mbeadh sí ghá bleaghan go deó bheadh bainne ag an mbó. Thagadh an bhó gach trathnóna cuig an doras go dtí í.
    Is gearr go raibh fhios ag muinntir an bhaile go go raibh an bhó ag teacht go dtí an bhean seo agus go raibh bainne an tsaoghail bhrách aici, agus dá méid soitheach a chuirfí fuithi go líonfadh iad ar fad. Dubht. bean strainséara
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Bairbre Ní Choistealbha
    Gender
    Female
    Address
    Caorán na gCearc Thuaidh, Co. Galway
    Informant
    Beartla Aindí
    Gender
    Male
    Age
    58
    Address
    Caorán na gCearc Thuaidh, Co. Galway
    Informant
    Pádraic 'ac Confhaola
    Gender
    Male
    Age
    63
    Address
    Caorán na gCearc Thuaidh, Co. Galway