School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0233

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0233

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0233
  3. XML “Iolar Chlúmhaigh an Óir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    oidhche roimhe agus thárla na rudaí céadhna dhó mar a thárla an oidhche roimhe.
    Ar maidin nuair abhí sé ag imtheacht b'éigin do trí ribe róin a fhágáil na dhiaidh agus d'imthigh sé leis. An treas oidhche chuir sé faoí i dtigh caillighe eile agus thárla na nídh céadhna dó mar do thárla an dá oidhche roimhe sin. B'éigin do trí ribe róin do thabhairt do'n chailligh. Bhí sé mar sín nó go raibh ruball a capall chomh lom le lár do bhoise.
    Nuair a tháinig sé go bruach na fairrge chuir sé faoí i dteach a bhí ann acht tháinic sgriosadóirí ins an oidhche nuair a bhí sé na chodhladh agus cheangail siad é agus d'iomchar siad é ar bhord a loinge fhéin Níor sgaoileadar é go raibh siad amuigh ar an muir mhóir. Annsin chuireadar i gcionn oibre cruaidhe é. Acht aon lá amháin chuaidh na sgriosadóirí ag troid le long eile agus mo léan, buaileadh le urchar é agus fuair sé bás.
    'Siad na rudaí céadna a thárla do Art. Chuir sé faoí ins na tighthibh céadna.
    Chuir sé faoí ins an teach ar bhruach na fairrge oidhche agus d'íoc sé ar san é tabhairt go dtí an Spáinn. Ar maidin go moch chuaidh sé ar bhord luinge. Sgaoileadar na seólta agus thugadar aghaidh ar an Spáinn. Acht an treas lá d'éirigh stoirm mhór agus báitheadh iad ar fad.
    Nuair a sgar Niall le na dhearbráitheacha ní
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0650**: The Strong Youth
    Language
    Irish
    Collector
    Mairghréad Ní Chualáin
    Gender
    Female
    Informant
    Nóra Ní Chualáin
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Age
    93
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway