School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0231
- XML “Iolar Chlúmhaigh an Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus a mhaoin shaoghalta le bheith agam-sa."
"Cé'n sort éan í nó ché an an t-ainm atá uirtí?" arsa an chailleach.
"Sí Iolar Chlúmaighe an Óir a táim a' tóraidheacht" arsa Aodh
"Go deimhin" ars an chailleach "rinne an bitheamhnach céadhna feall mór orm-sa. Tháinig sí oidhche agus ghoid sí m'aon mhac uaim agus ní tig liom é d'fhághail ar ais nó go bhfáighe mé trí ribe róin a ruball capaill chuile duine a thiochfas ag iarraidh lóistín oidhche orm go mbeidh an oiread ribe agam agus atá ar cheann Iolar Chlúmhaigh an Óir. Agus ní tig liom níos mó ná trí ribe do tharraingt as capall ar bith.
B'fhéidir nach bhfuil a fhios agat go mbíonn sí na mnaoí ins an ló agus na hIolar ins an oidhche? Tá sí faoi draoideacht agus is é mo chómhairle dhuit gan dul in aice leithe."
"Dubhairt mé sul ar fhág mé an baile go gcaillfinn m'anam nó go bhfuighinn í agus ní tigh liom dul ar ais" ars an mac Ríogh.
Thug sí an mac Ríogh isteach ins an seomra agus d'fágh annsin é. Ar maidin go moch d'éirigh Aodh d'ith agus d'ól a sháith, tharraing trí ribe róin as ruball a chapaill agus thug sé do'n chailleach iad agus d'imthigh sé.
An dara h-oidhche chuir sé faoi i dteach beag eile cosamhail leis an teach a raibh sé ann an(continues on next page)- Collector
- Mairghréad Ní Chualáin
- Gender
- Female
- Informant
- Nóra Ní Chualáin
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 93
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway