School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0228

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0228

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0228
  3. XML “Aimsir an Ghorta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Min Bhuidhe:-
    Bhí min bhuidhe dhá tabhairt amach ag an 'Staisiún' i mBaile an tSléibhe. Níl fhios agam cé as a dtáinic sí. Bhí cuid eile di dá tabhairt amach ar an gCnoc tigh Mhícheáil Uí Fhinneadha. Ní raibh ann acht creámhaireacht. Ní hé chuile duine gheobhadh í agus is minic nach iad na daoine is boichte gheobhadh í. Bhí an sagart ag tabhairt amach na minne freisin. Is minic a bhí ticéad ag cuid acu ó'n sagart.
    Bhí an ministéara a bhí na chomhnaidhe sa gCaisleán ag tabhairt amach 'soup' do na daoine bochta thart. Deir siad go raibh sé sin dhá roinnt comhthrom go maith.
    Ní mórán bóithrí a bhí déanta annseo tart an tráth sin. Aimsir a droch-shaoghail a rinneadh Bothar Ros a' Mhíl, agus an bothar sin sios go dtí "An Stáisiún" (Coastguard Station) agus an bothar go dtí an Cheathramha Ruadh. Bhí na mná féin ag obair ar na bóithrí. Ní raibh dóibh ach ó dhá phighinn go dtí tuistiún sa ló ach bhí siad sásta leis an méid sin féin. Bhí mná Doire Choill ag obair ar an mbaile seo agus gan dóibh ach an méid sin páighe t'réis é shiubhal cosnuighthe anuas ar maidin agus ar ais trathnóna. Bhí muinntir a' Chaoráin agus na Bánraighe ag dul amach go teach Mór Forra Maoil ag obair, go dtí áit a dtugtar Aill Mhártain air.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Chualáin
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway
    Informant
    Nóra Ní Chualáin
    Gender
    Female
    Age
    93
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway