School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0225

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0225

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0225
  3. XML “Iolar Chlúmhaigh an Óir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    suas chonnaic sé éan mór. Bhí súile an éin chomh mór leis an ngealaigh agus chomh lonnrach leis an ngréin. Táinic sí annuas ar na h-ublaí agus d'fuaduigh leithi chuile ubhla abhí ar an taobh sin de'n chrann. Sgaoil Aodh urchar na diaidh acht níor bhain sé cleite asti.
    Ar maidin tháinig an rígh amach agus d'fhiafruigh sé do Aodh an 'bhfuair sé an gaduidhe. Ní bhfuaireas í acht chonnaic mé í agus sgaoil mé urchar na diaidh.
    "Ní bhfuighe tusa mo ríoghacht" ars an rí.
    Chuaidh Art ag faire an oidhche na' diaidh sin agus thárla na rudaí dhó mar a thárla do Aodh. Ar maidin roimh eirighe na gréine tháinig an rí chuige agus d'fhiafruigh sé dhe ar ghabh sé an gaduidhe. "Níor gabhas," ar sé "acht sílim gur lot mé í. "Ní bfuighe tusa mo ríoghacht" arsan an rí.
    An treas oidhche chuaidh Niall ag faire na n-úbhall Timcheall uair an mheadhon oidhche chualaidh sé torann an éin mhóir ag teacht. Bhí a súile chomh mór leis an ngealaigh agus chomh lonnrach leis an ngréin. Nuair a bhí sí ag teacht anuas ar na h-úbhlaí sgaoil Niall urchar agus is cinnte gur lot sé í mar táinig cuid clúmhac anuas aisti go bun an chrainn Nuair a d'fhéach sé ar an gclúmhach le solus an lae fuair sé go raibh na cleití ar dhath an óir bhuidhe. Ar maidin roimh ghréin go moch tháinig an rígh agus d'fhiafruigh sé ar ghabh sé an gaduidhe.
    "Níor ghabhas," arsa Niall, "acht sgaoil mé urchar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0650**: The Strong Youth
    Language
    Irish
    Collector
    Mairghréad Ní Chualáin
    Gender
    Female
    Informant
    Nóra Ní Chualáin
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Age
    93
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway