School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
Tully, Co. Galway
Teacher:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Filter stories

Back
/ 0268 Forward
Resolution: Low | High
Iolar Chlúmhaigh an Óir

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0223

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

I bhfad ó shoin bhí sean rí 'na chómhnaidhe i n-Éirinn agus bhí triúr mac aige. Bhí meas mór aige ortha agus ní raibh a fios aige cé aca a bhfuigheadh a ríoghacht nuair a gheobhfad sé bás. Bhí crann úbhall i ngáirdín an ríogh agus bhíodh dhá fícheadh ubhall air gach bliadhain acht sul má bhiodh siad leath-aibidh bhíodh siad goidte.
Aon lá amháin chuir an rí fios ar a thriúr mac agus dubhairt sé leó "Bíonn m'ubhlaí breágha dhá ngoid uaim cuile bhliadhain cé go mbíonn fir faire agam ó oidhche go lá ortha. Anois má dhéanann sibh-se faire agus an té gheobhfas an gaduidhe beidh mo ríoghacht-sa aige nuair a gheobhfas mé bás"
Is iad seo na h-ainmneacha a bhí ar an triúr Aodh, Art, agus Niall. Labhair Aodh i dtosach agus dubhairt "Déanfaidh mise faire anocht." "Déanfaidh mise faire an oidhche ambáireach," arsa Art," "agus mise an treas oidhche," arsa Niall.
Chuaidh Aodh ag faire an chéad oidhche sa ngáirdín agus thug sé a arm leis, fíon agus neart le n-ithe. Timcheall uair an mheadhon-oidhche tháinig torann mór ós a chionn ins an spéir cosamhail agus dhá mbeadh na mílte éan ag eiteall thairis. Tháinig faitchíos mór air agus nuair a d'fhéach sé

(continues on next page)
Collector
Mairghréad Ní Chualáin
Gender
female
Informant
Nóra Ní Chualáin
Relation
grandparent
Gender
female
Age
93
Address
Ballynahown, Co. Galway
Language
Irish