School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0223

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0223

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0223
  3. XML “Iolar Chlúmhaigh an Óir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. I bhfad ó shoin bhí sean rí 'na chómhnaidhe i n-Éirinn agus bhí triúr mac aige. Bhí meas mór aige ortha agus ní raibh a fios aige cé aca a bhfuigheadh a ríoghacht nuair a gheobhfad sé bás. Bhí crann úbhall i ngáirdín an ríogh agus bhíodh dhá fícheadh ubhall air gach bliadhain acht sul má bhiodh siad leath-aibidh bhíodh siad goidte.
    Aon lá amháin chuir an rí fios ar a thriúr mac agus dubhairt sé leó "Bíonn m'ubhlaí breágha dhá ngoid uaim cuile bhliadhain cé go mbíonn fir faire agam ó oidhche go lá ortha. Anois má dhéanann sibh-se faire agus an té gheobhfas an gaduidhe beidh mo ríoghacht-sa aige nuair a gheobhfas mé bás"
    Is iad seo na h-ainmneacha a bhí ar an triúr Aodh, Art, agus Niall. Labhair Aodh i dtosach agus dubhairt "Déanfaidh mise faire anocht." "Déanfaidh mise faire an oidhche ambáireach," arsa Art," "agus mise an treas oidhche," arsa Niall.
    Chuaidh Aodh ag faire an chéad oidhche sa ngáirdín agus thug sé a arm leis, fíon agus neart le n-ithe. Timcheall uair an mheadhon-oidhche tháinig torann mór ós a chionn ins an spéir cosamhail agus dhá mbeadh na mílte éan ag eiteall thairis. Tháinig faitchíos mór air agus nuair a d'fhéach sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0650**: The Strong Youth
    Language
    Irish
    Collector
    Mairghréad Ní Chualáin
    Gender
    Female
    Informant
    Nóra Ní Chualáin
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Age
    93
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway