School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0218

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0218

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0218
  3. XML “An "Summons"”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. “An Summons”
    Máire Ní Leainde, Barr Roisín, d’innis. Tá sí 84 bliain.
    Bhí an sagart i dteach Faoistine lá thuas i nDoire Coill, d’iarr sé ar an bpobul má bhí fear misneamhail ar bith i na measg é theacht i láthair chuige, go raibh graithe cruadhógach aige dhó. D’innis sé annsin cé’n graithe bhí aige dhó. Leitir a bhí aige le cur soir chuig a’ mBlácadh, séard do bhí ann Summons. Theastaigh fear maith uaidh, dubhairt sé, fear nach mbeadh sgáth ná faitchíos air agus a thiubhradh an leitir isteach i lámha an Blácaigh é féin, tháinic a’ fear chuige, staic beag g’fhear ar na Doireadha agus dubhairt go sínfeadh sé an leitir chuig a’ mBlácach, nach mbeadh sgáth na faitchíos air “Tabhair aire do do gsaith anois” adeir a’ sagart leis, “fainic a dtiubhrthá do dhuine ar bith é ach do’n Bhlácach é féin.”
    Bhí go maith. Fuair sé an leitir ó’n sagart. Leitir thanaidhe ar nós leitir ar bith bhí inna, a’ cover taoi’ muigh uirthi. Chuaidhe sé annsin, chuir cover eile taobh amuigh dhó sin uirthi, ceann eile taobh amuigh dó sin arís. Chreidim gur chuir sé seacht nó ocht de cheanna uirthi. D’imthigh leis annsin go ndeachaidh sé síos chuig a’ gCaisleán. Chuaidh sé ag a’doras, d’innis sé go raibh leitir aige do’n Bhlácach. Dubht na daoine tháinig ag a’doras chuige go dtiubrhaidís féin dó í. “O’, adeir sé, “dubhradh liom í síneadh isteach in a láimh chuige féin.” As a’deire tháinig an Blácach féin amach, shín sé an leitir aige. Chúns bhí seisean ghá hosgailt rinne mo dhuine bocht a bhealach amach, thug sé dhá shiúbhal é, soir a thug sé aghadh. Ar a chonnic a’ Blácach céard a bhí sa leitir spréach sé. Chuir sé an tóir i ndiaidh an duine thug dhó í acht siar a chuaidh sé ghá thóraúeacht, bhí mo dhuine bailighthe leis soir faoi na Minne.
    Sin é an huair a searbháileadh go dtí Baile Átha Cliath é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Leainde
    Gender
    Female
    Age
    84
    Address
    Barrusheen, Co. Galway