School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0214

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0214

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0214
  3. XML “Toit Chonáin”
  4. XML “Aill a' Mhaistre”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Toit Chonáin
    Áine Ní Fhátharta
    Tá Toit Chonáin in aice leis an gCaorán. Deirtear go dtáinig Conán Maol an bealach seo sa tsean-aimsir. Bhí se tar éis a bheith ag fiach an lá seo agus bhí ocras air. Chuaidh sé síos ag an gcladach agus bhain sé lán a dhá phóca de bhairnigh. D'fhadaigh sé tine agus bhruith sé iad. Chuir sé síos toit bhairnigh agus d'ith s ansin iad. Tá na sliogáin le feiceáil ann go dtí an lá inniu. Tá na mílte agus na milliúin ann. Má thug sé leis ina phócaí an méid sin is má d'ith sé an bia uilig a bhí iontu, b'iontach an fear é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tá Aill a' Mhaistre thuas ar an sliabh ó thuaidh de loch na Tulaighe. Lá amháin bhí fear ag tóraidheacht bó a d'imthigh uaidh ar an sliabh. Tadhg Mhichíl a bhí air. Tháinic múr báistighe agus chuaidh sé ar fasgadh le taobh chloch mhór mhillteach a bhí ingar dó. Ní raibh sé i bhfad 'na shuidhe annsin nr. a chuala sé páiste óg ag caoineadh agus bean gá bhréagadh agus 'séard a dubht sí: "Stop, stop a leinbh, beidh laogh óg ag bó Tadhg Mhichíl amáireach agus beidh bainne againn."
    "Más mar sin é," arsa Tadhg, "bíodh rí agaibh bheannacht agus chuaidh sé abhaile. Maidin lá'r na báireach bhí bó Thaidhg ag an doras agus laogh le na cois. Siomdha duine 'na dhiaidh sin a chuala maistreadh dá dhéanamh istigh san aill seo. Aill a Mhaistre a thugtar air ó'n am sin i leith.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Fhatharta
    Gender
    Female
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway