School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0208
- XML “Cnoc Dabhach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cruaidh agus fuar faoi'n gceó. Níor fhan smid ag ceachtar de'n bheirt. Chomh luath agus fuair siad anáil bheag thug an fear bocht támáilte aghaidh ar an mbaile. Bhreathnuigh an bhean bhocht chlaoidhte go cráidhte 'na timcheall féachaint a' bhfeicfeadh sí an ceaintín a chaith sí uaithi. Bhí lorg an bhainne ar phuiteach an t-sléibhe in aice léi ach ní raibh an ceaintín ann. Súil dá dtug sí síos chonnaic sí uaithi é thíos ag bun a' ghleanna agus a bhéal faoi. Thug sí léi abhaile an ceaintín falamh agus deirtear gur chaith sí an chuid eile dá saoghal ag caoineadh an tsaidhbhris mhóir a shanntuigh sí agus a d'éaluigh uaithi go deó.
Acht tá daoine ann adeir go bhfuil an t-ór i bhfolach i gCnoc Dabhach go fóill. Agus tá sé ráidhte go ndeacha fear as Loch an Iolra ann le na láighe ghá thóraidheacht agus sul má bhí an chéad spreab bainte aige gur eirigh an cat mór anastach aníos as an "dabhach" chuige. Theith an fear le n'anam agus níor thnúth sé ór Chnoc Dabhach arís le n-a ló.- Informant
- Brighid Ní Ghabhnaín
- Gender
- Female
- Age
- 78
- Address
- Indreabhán, Co. Galway
- Informant
- Colm Ó Cualáin
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway
- Informant
- Labhrás Ó Connghaile
- Gender
- Male
- Informant
- Learaí Ó Biaidh
- Age
- 86
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway