Ór i bhfolach Sighle Ní Chonghaile, Indreabhán do chuir síos A hathair a thug an seanchas di Tá sé ráite go bhfuil ciste óir i bhfolach i leachta mór cloch thuas i mbarr an bhaile seo. Seanfhear a bhí ar an mbaile darbh ainm dó Tadhg beag a chuir an t-ór ann. Bhí Tadhg crua, barainneach agus ní chuirfeadh sé pingin ná leithphingin go dona riamh.Sin é an chaoi a raibh an saibhreas aige. Ach fuair sé bás agus d'fhan a chuid óir ina dhiaidh sa bpoll. An lá seo bhí beirt fhear oibre ag obair ins an ngort a bhfuil an leachta ann. Dubhairt duine acu leis an duine eile go bhfaca sé rud mar a bheadh easóg ann ag tarraingt an airgid ó[?] leachta a raibh an t-airgead ann go dtí an leachta eile. Chuaidh an bheirt acu ag faire ar an easóg. D'fhiafruigh an fear a chonnaic i dtosach í de'n fhear eile cé mb'fhearr leis an leachta a raibh an easóg ag tarraingt ann ná an leachta a raibh sí ag tarraingt as. Dubht. sé go mb'fhearr leis an leachta a raibh sí ag tarraingt as. Fágadh an leachta sin aige agus thóg an chéad fear an leachta a raibh sí ag tarraingt ann. Bhí a ndóithin ag an mbeirt sin an fhad is mhaireadar. Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine eicínt.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »