School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
Tully, Co. Galway
Teacher:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Filter stories

Back
/ 0268 Forward
Resolution: Low | High
An Tulach | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0205

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tá oileán ar mo bhaile féin ar an gCaorán agus sé an tainm atá ar an gCarraig sin ná Carraig an tSagairt. 'Sé an fáth gur tugadh an tainm sin air mar bhí sagart ina chomhnuidhe i gCillín agus tháinic sé aniar lá i mbád i n-éindigh le fear eile a bhí ag dul ag baint fheamuinne. D'fhan an sagart ar an gcarraig go raibh an fheamuinn bainte ag an bhfear agus sin é an fáth gur tugadh carraig an tsagairt mar ainm air.

Cillín = "Paráiste na Ceathrumhan Ruaidhe."

Collector
Séamus Ó Curraidhin
Gender
male
Language
Irish
Location
Keeraunbeg

Bád Cholm Cille
Deirtear gur thainig Colm Cille amach as Árainn i mbad cloiche. Ar an mBánrain a tháinig sé i dtír inaice na Roilige. Tá an “bád” ann fós acht ní mórán cosamhalacht báid atá uirthi anois mar bíonn na daoine ag baint píosa dhí agus dhá dtabhairt leób, acht bhí cosamhalachtt bád uirthi fadó. Tá tobar beannuighthe i naice leis an mbád agus bíonn daoine ag tabhairt turas ar an tobar lá an phátrúin. Nuair a bhíos siad tinn freisin tugann said turas air. Tá an tobar in aice na farraige. Tobar roinnt mór é. Ta cloch mhór istigh ins lár agus bíonn bric bheaga istigh súithi. Nuair a bíonn siad ag tabhairt turas caitheann said biadh síos ins an tobar ag na bric.

(continues on next page)