School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0203

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0203

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0203
  3. XML “Triúr Mac An Rí Agus an Leasmháthair”
  4. XML “Éadach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    doras agus mise an páiste a bhí aice, agus breathnuigh tá an ladhraicín bainte dhíom, agus is tusa a shabháil mise agus ós tú, gheobhaidh tú na bromaigh agus triúr mac an ríogh in einfheacht leat."
    D'imthig leó annsin agus nuair a chonnaic an leas-mháthair a bhí ar bhárr an teampaill ag teacht iad, thuit sí as a seasamh le áthas ar bhárr an teampaill, sgior sí anuas agus marbhuigheadh í. Nuair a tháinig triúr mac an ríogh agus na bromaigh aca go dtí an teampall fuair siad marbh ann í acht ní mórán cumha a bhí aca na diaidh mar is í fhéin a chuir trioblóidh mór sin orrtha fhéin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. "Ní raibh cinneadh ar bith le N. Ní Fh. Bhí an cruas ariamh innti. Bhí an mhaith agus an gríomh innti." (an mhaith 's a' gríomh)
    ' "Muise cé'n chaoi ar sheas tú é a Nóra?" adeir duine léi, [a' spochadh aisti, mar bhí sí ruidín beag gaisceamhail,] - "Nó cén chaoi ar sheas tú chor ar bith é agus a ndeacha tú thríd?" '.
    N. - ' "Tuige nach seasfainn? Péire bróg orm. Ceithre cótaí orm. Cabhail phluide le mo mháthair orm. Agus mo bháinín bán fáisgthe aniar orm! Tuige nach seasfainn," '
    Cóta = cóta flainnín tiugh trom mar caithtear i gConnamara fós. (petticoat) Deir Máire go mba gnáthach leis na mná fadó trí cótaí a chaitheamh agus iad ag obair amugh an tríomhadh ceann craptha suas 'un tosaigh agus ceangailte fáisgthe taobh thiar.
    Cabhail = bodice
    C.P. = déanta as pluid.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Leainde
    Gender
    Female
    Age
    84
    Address
    Ros an Mhíl, Co. Galway