School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0202
- XML “An Tine Chnámh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gabháil mhóna lis ag teacht dó agus tugann an dream óg sean-mhálaí leó freisin.Chomh luath agus thagas na gasúin leis an olaseadh tasuigheann an spóirt dhá ríre. Bíonn na sean-mhálaí stróicthe agus ceangailte suas 'na liathróidí rómpa. Cuirtear an ola ar na liathróidí agus lastar iad agus annsin tosuightear 'gá gcaitheamh suas san aer. Amannta bionn cleitheacha agu cuid de na gasúir agus cuireann siad an liathróid lasta ar bharr cleithe agus coinnigheann suas san aer igcomhnaidhe í, go múchann sí. Is minic a bhíos sé 'na coimhlint idir dhá bhaile- 'caon taobh acu ag iarraidh níos mó soillse chur in aer ná an taobh eile! Tár na báireach annsin bíonn an sáraidheacht ann idir na gasúir sgoile.Nuair a bhíos sé in am dul abhaile tugann gach duine splannc leis as an teine.Má cuirtear an duine splannac leis as an teine. Má cuirtear an splannc i ngarrdha féin deirtear go mbeadh barr breagh féir ar an ngarrdha sin. Fadó badh mhaith le daoinesplannc ar an teine cnámh a chur in chuile gharrdha a bhain leó."An té a d'fhaduigh an teine i mbliahdna go raibh sé an le n-a fadughadh an chéad bhliain eile, má's é do toil Dé é.
- Collector
- Áine Ní Fhatharta
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway