School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí rí ann fadó agus phós sé agus bhí triúr mac aige. Cailleadh a bhean agus ba mhaith leis a bheith pósta aríst agus ba mhaith leis freisin gan aon fhios a bheith ag an mbean eile go raibh sé pósta cheana.
Rinne sé teach agus chuir sé a thriúr mac isteach ann. Annsin phós sé agus bhí bean ar an mbaile agus bhíodh sí ag easgaine i gcomnaidhe ar bhean an ríogh.
Lá amháin d'fhiafruigh bean an ríogh de'n bhean seo cé'n fáth a raibh sí ag easgaine.
"Má thugann tú lán mála óir dhom" adeir an bhean "innseóchaid mé dhuit cé'n fáth a bhfuil mé ag easgaine."
"An bhfuil fhios agad-sa" adeir an bhean "go bhfuil triúr mac ag an rí agus nuair a rachas tú abhaile marbhuigh cearc agus chuir a cuid fola i mbuidéal. Tabhair leat an buidéal go dtí an seomra. Téirigh a chodladh agus leig ort go bhfuil tú tinn. Nuair a thiocfas an ríogh fiafróchaidh sí cá bhfuil a bhean. Déarfaidh na searbhóghantaí go bhfuil sí tinn ar an leabaidh. Tiocfaidh an ríogh go dtí thú agus chomh luath is aireocais tú é ag teacht isteach doras an tseomra chuir braon do'n fhuil in do bhéal. Fiafreóchadh an rí dhíot céard atá ort. Abair thusa go bhfuil tú tinn agus caith amach an fhuil. Fiafróchadh sé annsin an féidir tú a leigheas Abair thusa nach féidir nó go spáinfidh sé dhuit a triúr páistí atá ins an teach sin tháll. Ní bheidh mórán fonn ar an rí iad a'spáint dhuit (ná) acht is fearr leis iad a spáint dhuit ná thú fagháil bás.
Rachaidh an ríogh go dtí iad agus déarfaidh sé gur mhaith le na bhean iad a feicéal agus déarfaidh sé leis an gcéad mhac gan aon chluiche cartaí a(continues on next page)- Collector
- Séamus Bolustrom
- Gender
- Male
- Age
- 1166929
- Informant
- Séamus Bolustrom
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway