School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0188

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0188

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0188
  3. XML “An Inid”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sé an t'am is mó de'n bhliain a bpósann na daoine thart annseo san Inid.
    Chuala mé na sean-daoine ag rádh dhá bpósfhadh tú i dtús na h-Inide go mbeadh ádh airgid ort agus dhá bpósfhadh tú i ndeireadh na h-Inide go mbeadh an t-ádh ar do chlann.
    Thart ins an áit seo bionn an cleamhnas déanta seachtmhain roimh an bpósadh agus corr dhuine eile a bhíonn cruadhóig pósta orra orra ní bhíonn an cleamhnas déanta acht cúpla lá nuair a phósanns siad
    Deireann siad nuair a bhíonn's fear ag dul ag iarraidh mná deireann siad
    Dia Luain soir
    Dia Máirt siar
    Diardaoin sonaidhe soir nó siar,
    Nuair a bhíonn sé 'na oidhche téigheann beirt nó triúr ag iarraidh na mná agus bíonn buidéal aca nuair a théigheann siad isteach bíonn siad ag cur síos ar eachtraibh an t-saoghail agus nuair a bhíos siad sáthach teann leis an gcailín óg a iarraidh tarrnuigheann duine aca amach an buidéal agus annsin tosuigheann siad ag caint faoi'n gcleamhnas. Iarann siad (siad) spré freisin agus bfhéidir go bfhuigheadh siad sgór nó dhó punt nó mara mbeadh sin ag an gcailín gheobfhadh sí bó bfhéidir nó cúpla budóg nó rud ecínt eile. Acht pe rud a fhághann an cailín óg mar spré socruightear sa gcleamhras é. Bíonn an cleamhnas déanta seachtmhain nó cúpla lá sul a ndeantar an pósadh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Shrovetide (~188)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Fhatharta
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway