School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fairrge go gcasfar oileán dhuit. Ceangail do chapall ar an oileán sin agus teirigh go dtí an teach a bhéas ann. Buail laisg go mhaide ar an doras agus chuir isteach an doras ar an urlár. Teirigh ar do chapall annsin agus ní mór dhuit chomh luath is bhéas tú imtighthe do'n oileán mar leanfaidh mac an rí thú go bruach na fairrge" D'imthig le Alastrainn an dara h-oidhche aríst agus tháinig sé go dtí an toileán ceadna agus cheangail sé a chapall agus annsin d'imthig leis go dtí an teach. Bhuail sé laisg ar an doras agus chuir an doras isteach ar an urlár. D'imthigh le Alastrainn agus lean mac an rí é go dtí an áit ar imthigh Alastrainn as an lá sin. Acht ní dheachaidh mac an rí thar geata an phárlus. An tríomhadh hoidhche dubhairt an rí le Alastrainn dul go dtí an teach céadna agus a bhróga chaith' dhó agus nach n-aireochaidh mac an ríogh ag teacht isteach sa seomra é. Rinne Alastrainn sin. Isteach leis sa seomra agus chonnaic sé an claideamh solais i láimh mac an rí. Anonn le Alastrainn go dtí mac an rí agus sgiob an claideamh as a láimh. D'eirigh mac an ríogh aniar ag Alastrainn acht dubhairt Alastrainn leis luighe siar go gcaithfeadh sé fios bháis an Ain-sgéalaidhe a innseacht dhó.
"Nuair a bhí mise ag dul ar sgoil," adeir mac an rí, "an bhean a bhí do mo mhúnadh bhuail sí slaitín draoidheachta orm agus rinne sí mada allta dhom acht bhí ciall duine agam i gcomhnaidhe. Le olc uirthi annsin mharbhuig mé a raibh de chaoire aice agus chuaidh mé go dtí an Fhrainnc agus mharbhuigh a raibh de chaoire ag a hathair annsin. Chuir an bhean sgéala ag an rí annsin agus dubhairt sí leis go mb'fhéidir gurab é an mada céadna a mharbhuigh uirthi féin iad agus é mharbhú. Lá amháin ghléas an rí a chuid capall agus d'imthig leis go mo fhiadhach fhéin. Bhí fhios agam nach raibh aon ghoir agam imteacht uatha agus chuaidh mé in áirde ar chapall an rí. Dubhairt a bhean leis an rí mé a chaith anuas ar an talamh go marbhuighthí mé. Acht dubhairt an rí, "Ó's ormsa,' ar seisean, 'a tháinig sé ag iarraidh dídin, tiubhraidh mé dhó é. Thug an rí abhaile(continues on next page)- Collector
- Séamus Bolustrom
- Age
- 13
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway
- Informant
- Séamus Bolustrom
- Gender
- Male
- Age
- 60