School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
Tully, Co. Galway
Teacher:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Filter stories

Back
/ 0268 Forward
Resolution: Low | High
Stail Righin Uí Dhúbhgáin

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0180

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí buachaill beag ann fadó agus cailleadh a mháthair agus phós an t-athair bean eile. Bhíodh an t-athair agus an mac chuile lá ag fiadhach agus bhíodh an leas-mháthair ag iarraidh ar an athair an mac a fhágail istigh i gcomhluadar di. D’fhág sé istigh an mac an lá seo agus chuaidh se amach ag fiadhadh.

Nuair a bhí an t-athair imthighthe tharraing an leas-mháthair amach bord agus d’fhiafruigh sí dho’n mac an raibh sé i ndon cártaí imirt. Dubht. an mac go raibh. Chuaidh siad ag imirt agus chuaidh an mac an chéad chluiche. “Tabhair do bhreith” adeir an l.mháthair.
“Níl aon bhreith le tabhairt agam,” adeir an mac.
Chuaidh siad ag imirt aríst agus chuaidh an leas-mháthair an chéad chluiche eile. “Cuirim faoi gheasa thú agus faoi mhór dhioma na bliadhna thú gan an dara béile (a) ithe ar aon bhord, go dtiubhra tú agam-sa annseo Stail Righin Uí Dhubhgaí atá sa Domhan Thoir.” adeir sí.
Bhí sí ag ‘ul ag eirighe ó’n mbord thréis na breithe sin acht dubht. an mac léi gan corruighe agus thosuigh siad ag imirt arís. Ghrú (ghnothuigh) an mac an chéad chluiche eile. – “Cuirim faoi gheasa tú agus faoi mór-dhioma na bliadhna thú,” adeir sé, “thú dhul ar barr ar chrainn soithighe móire, punann coirce ar thaobh

(continues on next page)
Collector
Colm Ó Curraidhin
Gender
male
Informant
Micil Ó Curraidhin
Gender
male
Age
44
Address
Keeraunnagark North, Co. Galway
Language
Irish