School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0180

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0180

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0180
  3. XML “Stail Righin Uí Dhúbhgáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí buachaill beag ann fadó agus cailleadh a mháthair agus phós an t-athair bean eile. Bhíodh an t-athair agus an mac chuile lá ag fiadhach agus bhíodh an leas-mháthair ag iarraidh ar an athair an mac a fhágail istigh i gcomhluadar di. D’fhág sé istigh an mac an lá seo agus chuaidh se amach ag fiadhadh.
    Nuair a bhí an t-athair imthighthe tharraing an leas-mháthair amach bord agus d’fhiafruigh sí dho’n mac an raibh sé i ndon cártaí imirt. Dubht. an mac go raibh. Chuaidh siad ag imirt agus chuaidh an mac an chéad chluiche. “Tabhair do bhreith” adeir an l.mháthair.
    “Níl aon bhreith le tabhairt agam,” adeir an mac.
    Chuaidh siad ag imirt aríst agus chuaidh an leas-mháthair an chéad chluiche eile. “Cuirim faoi gheasa thú agus faoi mhór dhioma na bliadhna thú gan an dara béile (a) ithe ar aon bhord, go dtiubhra tú agam-sa annseo Stail Righin Uí Dhubhgaí atá sa Domhan Thoir.” adeir sí.
    Bhí sí ag ‘ul ag eirighe ó’n mbord thréis na breithe sin acht dubht. an mac léi gan corruighe agus thosuigh siad ag imirt arís. Ghrú (ghnothuigh) an mac an chéad chluiche eile. – “Cuirim faoi gheasa tú agus faoi mór-dhioma na bliadhna thú,” adeir sé, “thú dhul ar barr ar chrainn soithighe móire, punann coirce ar thaobh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0953: The Old Robber Relates Three Adventures
    Language
    Irish
    Collector
    Colm Ó Curraidhin
    Gender
    Male
    Informant
    Micil Ó Curraidhin
    Gender
    Male
    Age
    44
    Address
    Caorán na gCearc Thuaidh, Co. Galway