School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0168

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0168

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0168
  3. XML “Mada Bán na nOcht gCos”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Áine Ní Fatharta do chuir síos.
    Bhí Rí ann fadó agus bhí triúr inghean aige. Ní raibh fios aige cé acu de'n triúr a bhfágfadh sé a ríoghacht aici agus bhí se ag déanamh an t-an.bhuaidheartha doibh. Bhí cathaoir ag an rí a raibh draoidheacht agus duine ar bith a shuidhfeadh is an gcathaoir sin péarbith rud a d'iarrfadh sé bheadh sé le fagháil aige. Bhíodh seomra ag an Rí do'n chathaoir seo i gcomhraide agus bhíodh glas aige air.
    Lá amháin da ndeacha an Rí amach a fiadhach thárla go ndéarna sé dearmad ar an nglar a chur ar an seomra a raibh an chathaoir aige ann. Chuaidh an triúr inghean isteach agus sí an duine ba shine do shuidh ar an gcathaoir ar dtús. D'iarr sise mac Rioghan Domhan Thoir a theacth ghá h-iarradh le pósadh. Shuidh an dara h-inghean sa gcathaoir agus d'iarr sise ar Mac Ríoghan Domhain Thiar a theacht gá h-iarraidh le posadh. Shuid an inghean a b'óige sa gcathaoir agus d'iarr sí ar Mada Bán na hOcht gCos a theacht ghá h-iarraidh le pósadh.
    Nr. a tháinic an Rí bhí sé ar dearg bhuile le feirg agus faoi cheann dhá lá 'na dhiaidh sin tháinic Mac R. an D. Thoir agus bhuail sé ar an doras acu. Dubht. sé a bhean a chur amach chuige. 'Sí an inghin a b'óige a chuirfeadh amach chuige. Dubht. sé nárbh' shin í a bhean agus b'eigean dóibh an inghin ba sise, a bhean féin, do chur amach chuige. D'imthigh leis an mbeirt acu ann sin.
    Lá'r na mháireach tháinic mac R. an D. Thiar. Bhuail sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Fhatharta
    Gender
    Female
    Age
    18649
    Informant
    Tomás Ó Fatharta
    Gender
    Male
    Age
    20
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway