School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0164

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0164

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0164
  3. XML “Cumhdach na bhFeadóg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Séamas Bolustrom (60) d'innis
    Séamus Óg Bolustrom do sgríobh síos.
    Bhí bean ann fado agus bhí triúr mac aice. Dubht. duine acu lá go rachadh sé ag saothrú. Ní raibh sé i bhfad imthighthe go dtáinnic sé go dtí teach. Chuaidh sé isteach sa teach agus bhí fear agus bean istigh roimhe. D'fhiafruigh sé d'fhear a'tighe an mbeadh buachaill aimmsire agu teastáil uaidh. "Bheadh" adeir fear and tighe agus d'fhan mo dhuine sa teach. Ar maidin sgaoil fear a'tighe amach plód feadóga agus dubht. leis iad sin a bheith aige ag teacht go dtí a teach féin tráthnóna dhó.
    Nuair a tháinig sé tráthnóna dubht sé nach bhfaca sé na feadóga in aon áit agus marbhuigh an máistir é
    Dubht. an dara mac go pachadh sé féin ag saothrú. D'imthigh leis agus tháinic go dtí an teach céadna. Choinnigh an fear é mar buachaill aimsire agus an maidin sgaoil an fear amach plód feadógaí agus dubht leis iad sin a bheith aige ag teacht as air chuig an teach tráthnóna dhó.
    Nuair a tháinic an dara tráthnóna ní raibh na feadóga aige agus mharbhuigh an máistir é.
    Dubht an treas mac go rachadh sé féin ag saothrú agus tháinic sé go dtí an teach céadna. Ar a bealach go dtí an teach dó fuair sé feadóg ar an mbothar. Nr. a bhí sé ag doras an tighe d'fhiafruigh sé d'fhear a'tighe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Bolustrom
    Gender
    Male
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway
    Informant
    Séamus Bolustrom
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway